Cuardach Google:

An Naíonra:

Cuireann Naíonra Naithí oideachas réamhscoile ar fáil trí mheán na Gaeilge i dtimpeallacht fháilteach, shona, shábháilte agus cáirdiúil.

Díríonn Naíonra Naithí ar fhorbairt iomláin an pháiste trí mheán an tsúgartha, faoi chúram fóirne ard-cháilithe a bhfuil taithí na mblianta acu.
Sa Naíonra is féidir leis an bpáiste an Ghaeilge a shealbhú go nádúrtha agus an Ghaeilge atá acu a shaibhriú.

Feidhmiú:

Freastalaíonn Naíonra Naithí ar dhaichead páiste. Bíonn dhá sheisiún sa lá. Bíonn fiche páiste i ngach seisiún. Bíonn ceathrar stiúrthóir i mbun gach seisiúin, sin coimheas 1:5, nó duine fásta in aghaidh gach cúigear páiste.
Bíonn an chéad seisiún ar siúl ó 8:30 r.n. go 11:30 r.n. agus an dara seisiún ó 11:30 r.n. go 2:30 in.        

  Seoladh:    Naíonra Naithí,
                       Scoil Naithí,
                       Bóthar Átha Leathan,
                       Baile an tSaoir,
                       Baile Átha Cliath 16.

  Fón:             01-2961610.

  Ríomhphost:  naionranaithi@eircom.net 

            

   

Oscail Mapa Mór

Suíomh:

Tá Naíonra Naithí suite i mBaile an tSaoir i gcroílár 'Ceantar Naithí' - ceantar ina bhfuil Dún Droma, Baile an Teampaill, Baile an tSaoir agus Rath Fearnáin lonnaithe - i nDeisceart Baile Átha Cliath. Tógadh Naíonra Naithí leis an sainchuspóir bheith ina Naíonra ar thailte Scoil Naithí.