Cuardach Google:

  Fúinn Féin:


Cuireann Naíonra Naithí oideachas réamhscoile ar fáil trí mheán na Gaeilge i dtimpeallacht fháilteach, shona, shábháilte agus cáirdiúil.

Díríonn Naíonra Naithí ar fhorbairt iomláin an pháiste trí mheán an tsúgartha, faoi chúram fóirne ard-cháilithe a bhfuil taithí na mblianta acu.
Sa Naíonra is féidir leis an bpáiste an Ghaeilge a shealbhú go nádúrtha agus an Ghaeilge atá acu a shaibhriú.

Freastalaíonn Naíonra Naithí ar dhaichead páiste. Bíonn dhá sheisiún sa lá. Bíonn fiche páiste i ngach seisiún. Bíonn ceathrar stiúrthóir i mbun gach seisiúin, sin coimheas 1:5, nó duine fásta in aghaidh gach cúigear páiste.