|
Polasaí an Naíonra:
- Seirbhís Naíonra d’ardchaigdeán a chur ar fáil do pháistí idir 3 agus 5 bliana d’aois.
- Tá sé mar pholasaí ag an Naíonra seo timpeallacht taithneamhach, spreagúil, tacúil, fáiltiúl, sláintiúil, sábháilte a chur ar fáil do gach páiste.
- Beidh sé mar phríomhfheidhm ag an Naíonra :
- Naíonra a reachtáil trí mhéan na Gaeilge.
- Deis agus tacaíocht a thabhairt don pháiste óg an Ghaeilge a shealbhú go nádúrtha.
- Cabhrú le forbairt iomlán an pháiste a chur chun cinn trí mhodh an tsúgartha, ag tacú le ról na dtuismitheoirí i bhforbairt agus in oideachas an pháiste.
- Deiseanna comhionannais a chur chun cinn do gach páiste.
- Seirbhís tacaíochta d’ardchaighdeán a sholáthar do thuismitheoirí.
|