Le cúpla seachtain anuas táimid ag caint faoin mol Thuaidh agus Theas, Béar Bán agus Piongain, Sneachta agus Leac Oighir.
Rinneamar ár ‘sneachta’ féin sa Naíonra agus bhí an-am ag na páistí ag spraoi leis.
Rinne gach páiste ‘lámh’ reoite chomh maith inar chuireadar bréagán beag agus bhí an-spraoi acu ag iarraidh an ‘lámh’ a leá chun an bréagán a fháil amach.