Cruimh Chabáiste!
Tháinig na cruimheanna cabáiste chuig an Naíonra! Tá siad an-mhór anois agus is cinnte go mbeidh siad sna cocúin go luath!
Cuairt ón bhfiaclóir
Tháinig Aifric an Fiaclóir ar cuairt agus thaispeáin sí do na páistí conas a bhfiacla a choimeád folláin. Bhí Fiachra, Fiona agus Fionnuala Fiacla léi chomh maith agus bhí seans ag na páistí cleachtadh orthu 😊🦷🪥
Picnic Theidí
Bhí picnic theidí againn chomh maith - thug gach páiste teidí isteach agus bhíomar ag spraoi leo, ansin bhí picnic againn sa ghairdín 🧺