Spraoi sa Naíonra!

Bhí an-spraoi againn ag bailiú duilleoga buí, glas & dearg, ag éisteacht leis an ngaoth ag séideadh trí na crainn agus ar ndóigh ag canadh “Duilleoga deasa glasa”. Mhaisigh pictiúir áille na bpáistí an Naíonra le crainn agus duilleoga ildaite.

Thug an aimsir bhreá deis dúinn taitneamh a bhaint as ár ngníomhaíochtaí sa ghairdín agus Yoga a dhéanamh le Saoirse.

Ag bailliú na duilleoga!

Lá Bíp Bíp

De réir mar a bhí “Lá Bíp Bíp” ag druidim linn bhí na páistí ag cleachtadh ar an dtrasrian síogach a úsáid go sábháilte agus ar ár leagan beag féin istigh. Mar chúiteamh ar a gcuid “obair chrua” uilig thug Michael, ár Fear Líreacán, cuairt orthu agus fuair siad go léir veist shofheicthe Lá Bíp Bíp dá gcuid féin!