Mí na Samhna

Le cúpla seachtain anuas bhíomar ag díriú ar an nGráinneog, ar an Iora Rua agus ar an Ulchabhán! Rinne na páistí gráinneoga as buaircíní agus rinne siad leaba beag don ghráinneog chomh maith! D’úsáid siad duilleoga chun gráinneog ar pháipéar a mhaisiú.  

Is breá leis na páistí a bheith ag insint dúinn cén cruthanna atá acu sna boscaí lóin gach lá - tá cuid tuismitheoirí an-chruthaitheach ar fad leis na ceapairí!!