An Nollaig sa Naíonra

Nach sciobtha a d'éalaigh an t-am sa Naíonra agus muid ag obair go dian díreach ar nós síofraí Dhaidí na Nollag! Bhain na páistí an-taitneamh as bheith ag déanamh na maisiúchán Nollag atá ag crochadh ar an gcrann sa Naíonra.  Agus nach iad atá ag súil go mór len iad a thabhairt abhaile agus a thaispeáint do chuile dhuine!

Tharraing an stábla agus an fhuinneog go leor cainte - Muire, Iósaf, an leanbh Íosa agus gan amhras an t-asal agus an bhó! Nollaig shona ó gach duine sa Naíonra!