Nuacht an tSamhraidh!
Is cosúil go bhfuil grúpa beag eolaithe againn anseo sa Naíonra. Chuir na páistí an-suim sa dúlra, sa gharraíodóireacht agus bhí an-suim acu aithne a chur ar na feithidí beaga agus feithidí móra, ní hamháin sa Naíonra ach inár ngairdín álainn chomh maith. Tá súil againn nach mbeidh sé i bhfad go mbeidh a gcuid Gladoli agus lusanna gréine faoi bhláth ina ngairdíní féin.
D’fhéach muid ar ár dtorbáin bheaga ag fás isteach ina bhfroganna agus ar ár mboilb bheaga ag iompú go féileacáin áille. Bhí muid ar bís ag fágáil slán leo agus iad ag filleadh abhaile.
Bhí an Naíonra agus an gairdín lán le canadh, gáire agus spraoi – ag cur eitleoga ag eitilt, ag séideadh boilgeog, ióga, damhsa, tógáil, dreapadóireacht, saorshúgradh, paraisiúit agus dar ndóigh Picnic Teidí.
Ní chreideann muid go bhfuil sé in am slán a fhágáil libh, guímid samhradh sona ar na páistí beaga agus ar a gclanna ar fad.