Oíche Shamhna!
Thug an aimsir dheas bhog seans dúinn a bheith amuigh ag spraoi sa gháirdín beagnach gach uile lá. Chuir na páistí bleibíní i mboscaí na mbláthanna agus beimid ag súil len iad a fheiceáil ag fás san Earrach! Bhí ionadh ar na páistí le “Seo na Scáthphuipéad” agus leis an Seo Puipéid Cinnín Óir agus na 3 bhéar! Nach acu a bhí an spraoi agus iad ag déanamh a seo puipéad féin!
Tháinig Lá Beep Beep, agus chuamar amach ag cleachtadh ag na soilse tráchta agus rinne gach páiste a gcuid soilse tráchta féin agus bhíodar ag cleachtadh ar thrasnán sa Naíonra! Tháinig Michael, ár ‘bhFear Líreacáin’ ar cuairt chuig an Naíonra chun labhairt leis na páistí faoi shábháilteacht ar an mbóthar!
Tá Oíche Shamhna beagnach linn agus bhí na páistí an-ghnóthach ag déanamh rudaí deasa le crochadh suas sa bhaile. Bíonn díomá orainn i gcónaí nuair a bhíonn orainn iad a bhaint anuas de bhallaí an Naíonra! Rinneamar taos oráiste agus taos corcra, d’inis muid scéalta oíche Shamhna, bhí go leor leor rudaí Montessori againn bunaithe ar oíche Shamhna - agus má fhéachann sibh ar na pictiúir feicfidh sibh spléachadh den ealaín a bhí ag dul abhaile!