Eanair sa Naíonra!
I rith na míosa bhíomar ag caint faoin mol Thuaidh agus Theas, Béar Bán agus Piongain, Sneachta agus Leac Oighir. Rinneamar ár ‘sneachta’ féin sa Naíonra agus bhí an-am ag na páistí ag spraoi leis.
Bhí go leor gníomhaíochtaí Montessori agus cluichí bunaithe ar an Mol Thuaidh agus an Mol Theas ar siúl ag na páistí freisin. Agus rinne gach páiste a piongain féin …
Spóirt agus spraoi le leac oighir sa Ghrianán agus rannta agus ceol ar siúl an t-am ar fad!
Agus muid ag fágáil slán ar mí Eanair, nach iontach go bhfuil muid ag cur fáilte roimh na plúiríní sneachta sa choill ar thailte na scoile - tá siad ag gobadh aníos ón chré faoi láthair, cloigne deasa bána ar crochadh :-)