Mí Márta sa Naíonra!
Rinneamar rudaí deasa do Lá na Máithreacha, agus le titim an tsneachta bhí an-sport agus spraoi againn sa ghairdín!
Le Lá Fhéile Pádraig ag teacht bhíomar ag ceiliúradh seachtain (coicís!) na Gaeilge sa Naíonra. Chuireamar fáilte roimh Niamh, Peadar agus Philip a tháinig isteach ar cuairt chun ceol iontach a sheinnt dúinn. Bhí ionadh ar na bpáistí an Chruit, an Consairtín agus an bosca cheoil a fheiceáil agus a chloisteáil. Míle buíochas leis an triúr iontach ceolmhar!
Ansin roimh deireadh na míosa tháinig an Cháisc!. Agus sa Naíonra bhaineamar an-sult agus spraoi as bheith ag ceiliúradh – arís! Bhíomar gnóthach ag peintéail uibheacha, ag damhsa, ag canadh agus ag déanamh go leor rudaí Montessori bunaithe ar an gCáisc. Idir coiníní, sicíní agus uibheacha agus bhí an Naíonra ag breathnú chomh gleoite