Nuacht an tSamhraidh!
Tá an samhradh tagtha agus dá bhrí sin táimid anois ag druidim le deireadh na bliana sa Naíonra! Ach gan amhras bhí go leor spóirt is spraoi againn amuigh i ngairdín an Naíonra - idir “Na Picklers”, “Na Polydrons” agus ar ndóigh an Paraisiút bíonn sé iontach a bheith amuigh faoin aer úr!
Bhain muid an-sult as Picnic Teidí in ár ngáirdín gleoite!
Bhí áthas orainn arís i mbliana fáilte a chur roimh ghlóthach sa Naíonra. De réir a chéile faoi chúram agus aire na bpáistí chonaic muid na froganna beaga bídeacha ag teacht ar an saol. Ar ais leo abhaile ansin go sléibhte Átha Cliath ag snámh le “Frankie an Frog”!
Thaispeáin na páistí a gcuid suim sa nádúr agus sa gharraíodóireacht chomh maith! D’éirigh go breá leo ag cur bleibíní na Gladioli agus síolta na Bláthanna Gréine! Bhí áthas orthu iad a thabhairt abhaile roimh laethanta saoire an tSamhraidh.
Guímid samhradh sona ar na páistí beaga agus ar a gclanna ar fad!