Oiche Shamhna

Bhí an spórt & spraoi againn le cúpla seachtain anuas. Thug an aimsir dheas bhog seans dúinn a bheith amuigh ag spraoi sa gháirdín beagnach gach uile lá. Bhí ionadh ar na páistí le “Seo na Scáthphuipéad” agus leis an Seo Puipéid Cinnín Óir agus na 3 bhéar! Nach acu a bhí an spraoi agus iad ag déanamh a seo puipéad féin!

Tháinig Lá Beep Beep, agus chuamar amach ag cleachtadh ag na soilse tráchta agus bhíodar ag cleachtadh ar thrasnán sa Naíonra! Tháinig Michael, ár ‘bhFear Líreacáin’ ar cuairt chuig an Naíonra chun labhairt leis na páistí faoi shábháilteacht ar an mbóthar!

Oíche Shamhna beagnach linn agus bhí na páistí an-ghnóthach ag déanamh rudaí deasa le crochadh suas sa bhaile. Bíonn díomá orainn i gcónaí nuair a bhíonn orainn iad a bhaint anuas de bhallaí an Naíonra! Bhí deis ag na páistí gléasadh suas. Bhí siad ag imirt le cluichí boird oíche Shamhna, ag imirt le rudaí Montessori bunaithe ar Oíche Shamhna. D’insíomar scéalta Oíche Shamhna agus rinne na páistí snoíodóireacht puimcíní & brioscaí puimcín. Yum!


NUACHT NÍOS SINE